Scoil: Clochar na Trócaire, Carn Domhnaigh

Suíomh:
Baile Bhloscaidh, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
An tSr. A. Nic Fhionnlaoich An tSr. M. Beinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1115, Leathanach 220

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1115, Leathanach 220

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Carn Domhnaigh
  2. XML Leathanach 220
  3. XML “Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1) LÉIGHEAS FAITHINNE: Glac naoi n-ailt cocháin agus deán pearsal díobh. Gearr an deicheamhadh ceann agus caith thar do ghualann dheas é. "In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spiorad Noimh, Dia in n-aghaidh na h-urchóide". Nuair a bhéidheas tú ag suibhal amuigh caith uait na h-áilt eile agus imtheóchaidh na faithinníní. An chéad duine a thógfas ceann de na h-áilt béidh na faithinníní airsean.

    2) LÉIGHEAS LEÓNTA: Ma chuireann aon duine a bhfuil cnámh leónta air an cnámh sin an céad rud i láimh naoidheanáin, béidh léigheas leónta ag an leanbh sin.

    Léigheas Déididh: Bhíodh órtha fa choinne an déididh mar seo:-
    Luigh Peadar ar leic Íosa
    Agus thainig Íosa ós a chionn
    "Cad é sin ort, a Pheadair?"
    "A Thighearna, m'fhiacal atá tinn"
    "Éirigh suas, a Pheadair, agus abair go bhfuil tú slán"
    "Chá mhinic a bhíonn órtha agus déideadh
    "San aon bhéal amháin".

    3) Bhí Peadar 'n-a shuidhe ar chloich, agus thainig a Thighearna ós a chionn. "Cad é sin ort, a Pheadair?" " A Thighearna, tá m'fhiacal tinn". Éirigh suas, a Pheadair, agus bí slán; ní tusa amháin sin gach aon congbhóchas na briathra seo i gcuimhne, i scríbhinn, nó i mbriathra. I n-ainm an Tighearna. Amen."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Monica Ní Chaomhnaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Glack, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Siúr na Trócaire
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Bean rialta (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Carn Domhnach, Co. Dhún na nGall