Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tomás Mac Aodha agus an púca.
Bhí fear ann uair amháin dár b'ainm Tomás Mac Aodha. Chuaidh sé féin agus a bhean, Máire go Gaillimh lá le ualach cruithneachta. Bhí sé ag eirighe deireannach sa ló sul a bhfuair siad íocaidheacht ar an gcruithneacht. Bhí ar an gcarraeraidhe a dul abhaile go luath leis an gcapall. B'éigin do Thomás agus Máire a dul abhaile ag siubhal thart timcheall Baile-Cláir mar ní raibh bóthar an Churraigh déanta an t-am sin. Bhí cómharsa dár b'ainm Seán A Búrca in-aonfheacht leo. Bhí cloch shalainn ag Máire ar a druim.
Ag dul anuas Ath-Chloigín bhí siad an-tuirseach. Ins an ngleann taobh thíos de'n Teampuill Gallda, Ath-Chloigín chonnaic siad "pony" beag ag ithe ar cholbha an bhóthair. "Bainfidh mé sgathamh marcaigheachta as an "bpony" seo," arsa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cuinneagáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe