School: Cill Chuana (roll number 12782)
- Location:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Liam Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chuana
- XML Page 0009
- XML “Páidín agus an Rí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Páidín agus an Rí.
Bhí fear ann fadó dár bhainm Páidín. An lá rugadh é chuir a mháthair crann óg. Nuair a bhí sé seacht mbliadna d'aois thug a mháthair go dtí an crann é 'Tarraing an crann', ar sise. Rug sé air agus bhain sé tarraingt as acht ní féadfadh sé é a tharraingt. Nuair a bhí sé ceithre bliadna déag d'aois thug a mháthair go dtí an crann arís é le n-a tharraingt ach feanneadh níor bhain sé as.
Nuair bhí sé bliadhain is fiche, thug a mháthair go dtí an crann arís é agus tharraingt sé é 'Déanfaidh sé maide láimhe dhom' ar seisean. Gheárr sé na géaga de agus nuair bhí siad geárrtha bhí deich dtonna meadhcain na maide. 'Rachaidh mé ag obair chuig an rí anois' arsa Paidín. Chuaidh sé ag an rígh is fuair sé obair uaidh. 'Sé an obair bhéas le déanamh agat indiu', ar seisean stáca coirce a bualadh leis an súiste seo'. Leag Paidín an maide láimhe uaidh is thugsé isteach cúpla punann coirce agus thosaigh sé gá mbualadh 'Níl aon mhaith leis an suiste seo', ar seisean. Rug sé greim ar an maide láimhe, chuaidh sé amach san iothlainn, thosaigh sé ag bualadh na stácaí agus chuir sé an síol trí míle ar gach taobh(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Gráine
- Gender
- Male
- Address
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Pádhraig Ó Gráine
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe