Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0004](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0022%2FCBES_0022_0004.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0004
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tomás Mac Aodha. Chuaidh sé ag marcaigheacht agus thosuigh an "pony" ag eirighe fada, "A Sheáin," ar seisean, "Tá áit agat-sa taobh thiar díom. Chuaidh Seán suas agus bhí an "pony" ag méadú i gcómhnaidhe. "M'anam, a Mháire go bhfuil áit agat-sa taobh thiar díom-sa" arsa Seán. "Fan go bhfeicfidh mé céard a dhéanfas sibh fhéin ar dtús, acht seo chugaibh an chloch shalainn", arsa Máire. Ní iompróchaidh an capall sidheógach an salann mar tá sé beannuighthe. Nuair cuireadh an salann ar an dhruim as go bráth leis an gcapall agus thug sé léim thar an claidhe agus thuit Seán A Búrca i laige. Dimthigh leis an gcapall agus Tomás Mac Aodha ar a dhruim.
Níor stop sé go dtáinig sé go Loch-A-Fuar. Snámh sé an loch siar agus aniar agus Tomás ar a dhruim. Níor stop sé go dtáinig sé go h-Ath-Chloig[ín] arís agus chaith sé Tomás ar an spota. Dimthigh an triúr abhaile ag breacadh an lae agus iad trom-tuirseach. Níor thugadh aon ainm ar an ngleann sin o shoin acht Gleanna Púca.- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cuinneagáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe