Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)
- Suíomh:
- Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P.S. Ó Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí)
- XML Leathanach 0123
- XML “Naomh Pátrúin an Cheantair”
- XML “An tAonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Pharróstaigh, Teampall Naomh Niocháláis Phrotástúnaigh; níl aon tobar beannuighthe thar an Naomh.
- An t-Aonach:-
Bíodh na haontaighe fadó ann ins na páirceannáibh ní h-iad amháin ins na bailte móra. Tá cnoc an ins an gceanntair seo agus tugtar Cnoca’ Díoláin air. Tá páirc na h-aonaighe ann in-aice leis an bhfairrge ins an áit seo. Bhíodh na h-aontaighe ann fadó ach ní bhíonn siad anois ann.
Théideadh na ceanniughtheóirí ó theach go teach ag ceannacht stuic, mar capaill is ba. Bhíodh aontaighe ann fadó amuigh faoi'n dtuaith ins na páirceannáibh is cois cáisleán nó rátha, acht bhíodar ar droch-bháilt le na síopadóirí insan gcathair. Cuireadh cosg leó mar badh mhaith le na síopadóirí tráchtáil mhaith a fhágháil ins na síopaí leó. Tá páirc insan áit seo, tugtar Céarnóg na Cathrach air; bíonn sé le h-aghaidh capaill is ba is muca is caoragh a dhíol isa cheannacht ann.
Íochtar paidhe ar gach beithidheach a dhíoltar san t-aonach ann. Tugtar an t-airgead do'n bhfear a bhíonn 'ná sheasamh ar chúl bhóthair. Tugtar trí pingne ar gcaoragh ceithre pingne ar muc, sé pingne ar bhúin, sgilling ar chapaill. Cuireadh an cleachtadh sin ar bhun, i dtreo's(leanann ar an chéad leathanach eile)