Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)
- Suíomh:
- Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P.S. Ó Neachtain
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0124](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0031%2FCBES_0031_0124.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0124
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nach mbéadh trioblóide aca, nuair a dhéineadh na h-ainmhidhthe bhaoghal do dhaoine, gluaisteáin, is tighthe.
Tugtar "eirnist" le gach beithidheach a díoltar san aonaigh. Tugtar "ádh-phinginn" nó "bonn-sochair" ar airgead eile a íochtar ann. Tugann an díoltóir leath chóróin ar gach chapaill a díolann sé, sgilling ar bhúin, naoi bhpingne ar muc, leath-sgilling nó sin reul ar chaorach, do'n ceannuightheóir nuair a bhíonn gach ré déanta aca. Sin é an chaoi a íochtar '"ádh-phinginn" nó "bonn-sochair" chun ádh a chur ar na stuic.
Nuair a déintear margadh buaileann fear amháin a ghá boise le chéile agus an fear eile an nidh sin freisin. Tugadh airgead do'n díoltóir i dtreó's nach bféadfadh sé a fhochal a bhriseadh. Téigheann siad go dtí an teach ósta agus bíonn deoch aca le'n margadh a chríochnuighe.
Nuair a bhíonn na beithidhigh díolta aca géarrann siad cuid ghruaighe na mbeithidheadh le iarann marcáilte agus annsin cuireann fear na mbó a ainm ar na beithidhighibh le lag dath dearg. Nuair a tríomuigheann an dath ní féidir le duine eile an beithidheach a dhíol aríst. Sin déire le trácht ar aonaigh.- Bailitheoir
- Pádhraig O Dubhghaill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Dubhghaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 39
- Seoladh
- Na Duganna Nua, Co. na Gaillimhe