Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- XML Leathanach 0085
- XML “Scéalta”
- XML “Scéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéalta.Tá tobar in Órán Mór. Tobar na Caillighe a tugtar air. Seo sgéal a chuala mé faoi:-
Talamh tirim a bhí san áit fadó mar a bfhuil an tobar anois is aisteach an chaoi a dtáinigh an tobar ann. Bhí bhó iongantach in a seasamh san áit. Bhí sí ag tabhairt go leor bainne do gach duine.. Ní feicfheá an dath a bhí orra ar bhó ar bith. Deirtear nach fachas riamh ag ithe í. Lá amáin chuaid bean dá bleághann. D'imhthig an bhó agus ní fhacha aoinne ó shoin í. Tá sruthán ag rith ó'n tobar go dtí Poll an Muirghnín i gCaislean Gearr agus tá an t-uisge dhá slugadh annsin.
Tá pisreóga aca freisin faoi'n tobar. Mar, deirtear nach ceart dul thar an tobar gan braon uisce a thógal.
Sin é an fáth a tugadh an t-ainm sin air.- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Mhaoldomhnaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Chreig Bhuí, Co. na Gaillimhe
- Bhí fear ag teacht ó cuairt thuas i mBaile Murcudha oidhche. Oidhche breágh geal a bhí ann i lár an Gheimhridh. Bhí sé an-deireannach san oidhche mar bhídar ag imirt(leanann ar an chéad leathanach eile)