Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0018
- XML “Scéal an tSúiste”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal an tSúisteBhí teach ann uair amháin agus an dream daoine do bhí sa teach ní raibh aon chreidheamh aca. Do bhí cailíní aimsire sa teach agus ní leigfeadh faitchíos dóibh a dhul taobh amuigh den doras ó thuiteadh an oidhche mar bhíodh rudaí síodhamhail lé feiceál thart timcheall an tighe.
Lá amháin bhí buachaill aimsire ag dul thart agus thóg fear an tighe seo é lé obair a dhéanamh dhó. Aon lá amháin fuair na cailiní gann in uisge agus dubhairt siad leis an mbuachaill go dtiubharfadh siad coróin dó as ucht buicéid uisge a thabhairt isteach. "Muise" ar seisean, "is deacair coróin a shaothrú". Chuaidh sé amach agus is gearr go raibh sé ar ais agus an t-uisge aige. "An bhfaca tú tada" ar siadsan. "Ní fhacas" ar seisean, acht shiubhail duine in aonfeacht liom uaidh an doras go dtí an tobar agus ar ais arís". Fuair sé an choróin agus chuaidh sé chodhladh.
Lár na bháireach dhubhairt an fear uasal leis an mbuachaill an sgioból mór do bhí in aice an tighe do ghlanadh amach. Nuair do bhí sé glanta amach ag an mbuachaill d'fhiafruigh an fear uasal dó an bhfaca sé tada. Dubhairt an buachaill nach bhfaca. "An raibh faitchíos ort" adeir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Scannláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 24
- Gairm bheatha
- Mac feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tóin an Chnoic, Co. na Gaillimhe