Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0024
- XML “Mac is Fiche”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)barraillí óir a fhágháilt agus go dtiúbhradh sé cóiste agus tiománaidhe dó lé dul go dtí an dá bhaintreabhach.
Dimthigh leis an mac is sine go dtí an teach seo. Chuaidh sé isteach ins an gcéad teach agus bhí an bhaintreabach mná agus a clann ar an dá ghlúin ag sgiolladh ar an tighearna talmhan. Chuaidh sé go dtí an teach eile agus bhí an bhaintreabhach eile ar an gcleas chéadhna. Bhlaoidh sé an bheirt aca lé chéile agus roinn sé an t-ór ortha. Dubhairt sé leó an páidrín páirteach a ofráil ar son an Tighearna Talmhan agus dubhairt siad an páidrín.
Dimthigh leis abhaile, ní raibh sé i bhfad gur chuala sé an guth ag rádh leis: "Tá mise anois ag dul do na Flaithis, rinne tusa t-obair féin agus ní go dona a thíocfas sé dhuit". Nuair a chuaidh sé go dtí an fear uasal bhí an-fháilte aige roimhe agus dubhairt sé leis. "Tiubhraidh mé leath-mo chuid airgid dhuit, leath mo chuid talmhan, leath mo chuid eallach agus m'inghean lé pósadh". Phós sé féin agus an inghean. Bhí sé ag teannadh leis an lá is bliadhain a bheith thuas. An lá seo d'imthigh leis an mac is sine agus an (mac) fear uasal in aonfheacht leis agus cóiste aca go dtí an cros-bhothar a raibh an mac is fiche le tigheacht lé chéile an[n.] Is gearr go raibh an cóisde ag an gcros-bhóthar.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Scannláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 24
- Gairm bheatha
- Mac feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tóin an Chnoic, Co. na Gaillimhe