Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0068](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0061%2FCBES_0061_0068.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0068
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0068
- XML “Caisleán an Chaimiléaraí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Caisleán an Chaimiléaraidhe.Bhí fear ann agus bhí triúr mac aige. D'iarradar air aon lá amháin an méid airgid a bhí lé fágháil aca a thabhairt dhóibh. Thug an t-athair suim áirid airgid dhóibh agus dimthigheadar leó. D'imthigh gach mac aca na bhealach féin.
Dimthigh mac amháin aca agus bhí sé ag (imthig) imtheacht agus ag síor-imtheacht nó gur casadh Caisleán an-mhór leis agus sé an caisleán a bhí ann ná Caisleán an Caiméil. Chuaidh sé isteach ins an gCaisleán agus bhí fear agus a inghean ins an gcaisleán. D'fhiafruigh fear an Chaisleáin dó ceárd a chas an bealach é agus dubhairt an mac gur ag cuartúghadh oibre tháinig sé. Bhíodar ag cainnt agus [ag] cómhrádh lé chéile agus faoi cheann tamaill d'fhiafruigh fear an chaisleáin dó an mbeadh bobtha imirt aige. "Ní misde liom" adeir an mac. Chuadar ag imirt agus níor bh'fada bhíodar ag imirt nó gur imir fear an chaisleáin an méid airgid a bhí aige air.
D'imthigh leis an mac aríst agu[s](leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cladhnach, Co. na Gaillimhe