Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0083](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0061%2FCBES_0061_0083.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0083
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0083
- XML “An Gníomh ba Ghaisciúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i dtosach céard é an gníomh ba ghaisgeamhla a rinne sé ó shoin. Thosuigh an chéad mhac ar a sgéal. Seo é:- Bhí mise aon lá amháin ag siubhal na tíre agus casadh isteach i dteach uasal mé. Bhí lán mias de phíosaí airgid ar an mbord. Rug fear an tighe ar an mias airgid agus thug siar i seomra é. Ghlaoidh sé ormsa siar sa seomra freisin. Séard dúbhairt sé liom ná an t-airgead a chomhaireamh agus go mbeadh sé féin ar ais agam i gceann leath-uaire. D'fhéadfainn an uair sin cuid den airgead a thabhairt liom dá mba mhian liom, acht níor thugas, chomhair mé é agus d'fág mé san mias aríst é.
"Ó" arsa an t-athair "rinne tú go cneasta agus ní go gaisgeamhail. Ní gheobhaidh tusa an chloch luachmhar" Annsin d'fhiafruigh sé den darna mac céard é an gníomh gaisgeamhail a rinne sé. Thosuigh an darna mac agus dubhairt" "Bhí mise lá ag dul thar loch. Chonnaic mé páiste beag ag tuitim san loch. Rith mé chomh maith is bhí mé indon agus rug mé ar an bpáiste, agus shábháil mé é". "Ó" arsa an t-athair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Michéal Ó Conghaola
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Gairm bheatha
- Táilliúir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire an Fhéich, Co. na Gaillimhe