Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar mhac an fhir bhoicht. Thóg sé isteach é mar bhuachaill aimsire agus lá amháin thug sé leis é i bhfad ó bhaile agus dubhairt leis go raibh sé féin ag dul ag imtheacht níos fuide agus nach mbeadh sé ar ais go ceann coicíse. Thug sé litir don bhuachaill agus dubhairt leis í a thabhairt dá bhean féin nuair a thiocfadh sé ar ais abhaile.
Dimthigh leis an mbuachaill agus thuit an oidhche air agus chonnaic sé solus i bhfad uaidh agus rinne sé an[n.] Chuaidh sé isteach san teach agus bhí cailín óg istigh roimhe. D'iarr sé lóistín na h-oidhche agus suipéar acht dubhairt an cailín go bh'fuigheadh sé suipéar acht nach bhféadfadh sí lóistín a thabhairt dhó mar gur triúr robálaí a bhí ag fanacht sa teach. Shuidh sé síos agus thuit sé in a chodhladh agus is gearr go dtáinig na robálaí istea[ch.] D'iarradar dhó cár bas é agus d'innis sé dóibh agus d'iarradar dhó an raibh aon airgead aige agus dubhairt sé nach raibh acht go raibh sé ag dul ag pósadh inghean fhear saidhbhir agus gur thug an fear litir dhó le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Scannláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 24
- Gairm bheatha
- Mac feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tóin an Chnoic, Co. na Gaillimhe