Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé chomh fada lé teach an chéad fheilméar agus d'fhiafruigh an feilméar dhó an raibh aon sgéal aige agus dubhairt go raibh, gur péist do bhí faoi'n gcrann agus go deo nó go marbhuightear an phéist ní thíocfadh aon ubhall ar an gcrann. Bhí go maith, lár na bhaireach bhain siad an crann agus mharbhuigh siad an phéist agus thosaigh an crann ag cur amach ubhla. Tugadh mála airgid do'n bhuachaill agus d'imthigh leis. Bhí sé ag imtheacht nó go dtáinig go dtí teach an fheilméar eile - agus d'fhiafruigh an fear dó an raibh aon sgéal aige. Dubhairt go raibh, go raibh frog thíos faoi'n leac a bhí ag ól an fhíona agus go gcaithfidhe an leac a bhaint agus an frog a mharbú. Lár na bháireach bhain siad an leac agus mharbhuigh siad an frog agus thosaigh an fíon ag teacht arís. Thug an feilméar mála airgid do'n bhuachaill agus d'imthigh leis.
Bhí sé ag imtheacht nó go dtáinig sé go dtí a theach féin agus thug an cleite óir don fhear saidhbhear agus nuair a chonnaich sé go raibh dhá mhála airgid aige bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Scannláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 24
- Gairm bheatha
- Mac feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tóin an Chnoic, Co. na Gaillimhe