Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0109
- XML “Triúr Mac na Baintrí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na [!] mháthair lón a ghléasadh dhó go raibh sé ag dul ar lorg oibre. Rinne sí cáca min-choirce dhó agus rinne sí dhá leith den chácha. "Cé is fearr leat an leath beag is mo bheannacht nó an leath mhór is mo mhallacht"? Dubhairt an mac léi go mb'fhearr leis an leath mhór is a mhallacht.
D'fhag sé slán ag an mbeirt dearbráthair. Bhí sé ag siubhal agus ag siubhal nó go dtáinig sé chomh fada le tobairín. Bhí uachtar meala ar an tobar agus iochtar fola. Shuidh sé síos agus thosaigh sé ag ithe a chuid, bhiodh sé ag tomadh an aráin síos san tobar. Ní raibh sé i bhfad ann nó go dtáinig mada beag go dtí é. D'iarr sé cuid dá bhéile ar an mbuachaill ach dubhairt mac na baintreabhaighe go raibh sé sáthach gann aige féin. Chuaidh an mada beag síos san tobar agus chuaidh an fhuil in uachtar agus an mhil in íochtar.
D'imthigh mac na baintreabhaighe as sin annsin agus bhí sé ag siubhal nó go dtáinig sé chómh fada lé locháinín agus thosaigh sé ag ithe cuid eile dá bhéile. Tháinig éinín go dtí é agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bairbre Bean Nic Con Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire Choill, Co. na Gaillimhe