Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0119
- XML “Tadhg agus Domhnall”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ghnothuigheadar an cárr, an capall agus an t-airgead air. Chuaidh sé abhaile brónach go mór. Nuair a d'fhiafruigh a mháthair dhó cá raibh an capall dubhairt sé gur imrigh sé iad. "Imthigh leat" ar sise "agus mo mhallacht dhuit". "Ó ní thiocfainn chor ar bith ach is ag iarraidh do bheannacht a tháinigh mé". "Imthigh mar sin agus mo bheannacht dhuit" ar sise.
Dimthigh leis agus bhí sé ag síor imtheacht go deó go dtáinich sé go dtí teach Ministéara. Dubhairt an ministéir leis a dhul ar ghiall a gheata agus fanacht ann go maidin agus go dtiubhradh sé chúig phunt dhó ar maidin. Chuaidh Domhnall ann agus ar uair an mheadhon oidhche thainig dhá tharbh ag troid le chéile, (agus) tarbh beag agus tarbh mór. Bhí siad ag troid nó gur bhuail an tarbh beag an tarbh mór. "Muise nár lagtar tú a thairbh bhig" arsa Domhnall, ach chómh luath is bhí sin ráidhte aige d'imthigh an dá tharbh leó. Lá ar na bháireach thug an Ministéir chúig phunt do Dhomhnall.
"Tá sean teampall annseo" arsa an ministéir "agus fan ann anocht". D'fhan Domhnall ann agus amach uair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Colm Ó Fagharta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tóin an Chnoic, Co. na Gaillimhe