Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí sé go maith arís go deó.
- Mac an Ríogh is a Dheirbhshiúir.Bhí mac ríogh ann fadó agus phós sé bean agus b'fhearr leis a dheirbhsiúr fhéin ná a bhean. Annsin chuaidh an Rí agus a dheirbhsiúr amach ag fiadhach lá agus thugadar leó cú agus capall. Chuaidh a bhean siar ag an tobar agus cé thiochfadh amach as clochar ann acht sean-chailleach. D'fhiafruigh sí dí an raibh an rí istigh. Dubhairt an bhean nach raibh go ndeachaidh sé féin agus a dheirbhsiúr amach ag fiadhach agus nach leigfidís í féin amach ar chor ar bith. "Bheul" adeir sí "bhfuil fhios agat ceárd a dhéanfas tú anocht?" "éirigh i lár na h-oidhche agus marbh an capall agus fág an fhuil ar an sgian, annsin leag isteach faoi leaba an deirbhshiúra í".
Rinneadh, agus nuair a d'éirigh an buachaill aimsire ar maidin chonnaich sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire an Fhéich, Co. na Gaillimhe