Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)

Suíomh:
Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig Ó Heidhin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0156

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0156

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doireadh
  2. XML Leathanach 0156
  3. XML “Baile na nDoireadh in Aimsir an Ghorta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    beirt phíobairí curtha ar shliabh na nDoire in aice Tighe Bheartla Uí Conghaola agus tugann siad Cnocán na bpíobairí ar an gCnocán sin go dtí an lá atá indiu ann. Is in aimsir an Ghorta a cailleadh iadsan freisin.
    Bhí teach ar an Tulach in Aimsir an Ghorta agus bhíodh min-bhuidhe dá roinnt amach lé h-aghaidh na ndaoine ann agus bhí bean siubhail ins na Doireadh an t-am sin agus chuir sí a mac ag iarraidh cuid den mhin-bhuidhe. Nuair a bhí an buachaill beag ag teacht abhaile agus an máilín min-bhuidhe aige casadh fear leis ag Loch an Iolra agus bhain sé dhó an mála agus mharbhuigh sé an buachaill beag agus chaith sé síos i bportach móna é agus chuir sé sgraitheacha agus clocha ós a chionn. Tugtaoi "Buachaillín" mar leas-ainm ar an bhfear a mharbhuigh é. Ba as an gCaorán "Buachaillín". Nuair na[ch] raibh an buachaill beag ag teacht abhaile cuireadh sgéala ag na Póilí agus chuadar ar a thóir. Casadh Buachaillín leis na Póilí ag an Druim
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Beartla Ó Conghaola
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 60
    Seoladh
    Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe