Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0122
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sagart i dteach thiar i Connamara fadó ag tabhairt faoisdine uaidh. Nuair a bhí an fhaoisdean thart bhí sé ag dul ag léigheamh Aifrinn do'n phobul. D'fhiafruigh sé a' raibh aon duine sa teach i ndon an tAifreann a fhriotháil.
Dubhairt Domhnall Dearg go raibh sé féin i ndon é fhríotháil.Ba leis an sagart an chéad rud a rádh, agus thosuigh Domhnall annsin. Bhí Domhnall ag cur dhó go ceann píosa fada agus faoi dheireadh dubhairt an sagart leis:
"Ar son Dé dúin do chlab níl fhios agam sa deabhac céard atá tú 'rádh"
"Mh'anam mhuise, a Athair", adeir Domhnall, "go bhfuil mise ar an gcaoi céadna leat. Níl fhios agam sa domhan cé na frétuisí atá tú féin a' rádh ach an oiread."- Faisnéiseoir
- Bairbre Ní Choistealbha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caorán na gCearc Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Coistealbha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caorán na gCearc Thuaidh, Co. na Gaillimhe