Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Suíomh:
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- XML Leathanach 045
- XML “Scéalta”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[-]
(gan teideal)
“Bhí Gobán Saor in Éireann fadó, agus bhí mach aige.”
Bhí gobán saor in Éirinn fadó, agus bhí mach aige. Lá amháin fuair sé teactra ó Rí Shasana ag glaodach air teacht go Sasana agus caisleán a chuir suas dhó féin, mar chuala sé go raibh an gobán in ann tighthe deasa a dhéanamh.
An lá ar na bhárach chuaid an gobán agus a mhach go Sasana. Nuair a chuaid siad go dtí an Ríogh chuir sé fáilte rómhar agus dubhairt sé leis caisleán a dhéanamh i dtreo nach mbeadh aon caisleán eile sa domhan chomh áluinn leis.
Thosuig an gobán agus a mhach ag an obair agus i gceann trí seachtmhaine, bhí caisleán breágh dhéanta aige. Acht annsin do chuala an gobán go raibh an Rí ar tí iad a mharbhú i dtreo nach mbeadh siad in ann aon caisleán eile a chur suas chomh dheas lé’n a caisleán féin. Do an gobán go dtí an Rí agus dubhairt sé go raibh an caisleán déanta aige acht píosa amháin agus nach feidir lei an píosa sin a chur suas gan casúr a bhí aige sa mbhaile agus go gcuireadh sé a mhach féin abhaile chun an casúr a fhághail. Acht dubhairt an Rí go gcuir sé a mhach féin abhaile chun an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eimíle Ni Mháille
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Montpelier, Co. na Gaillimhe