School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Location:
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Teacher: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- XML Page 043
- XML “Scéalta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- ’San tsean aimsir nuair a gairmeadh “Oileán na Naomh ’s na nOllamh” ar an dtír seo do thóg manach beannuighthe cill dó féin in áit nach raibh tobar ná abha ná fíor uisge ar bith i bhfoigseacht cúig míle dó. Sé an fáth a bhí aige ná go mbeadh air cúig míle de shuibhlóid anróightheach a dhéanamh gach lá ar son Iosa Críosta.
Bhí go maith ’s ní raibh go holc. Lean sé do’n saoghal a bhí leagtha amach dó féin. “Is toiltheanach an sprid go deimhin ach tá an colann lag.” Taréis ceann cupla blian d’eirigh sé tuirseach de’n obair bhí an créatúr bocht ag eirghe sean agus bhí na crámha ag giosgáin cosamhail le géaga sean chrainn ’san nGeimhreadh. B’facas dó go raibh meadhchon an diabhail féin ’san soitheach uisge a bhí gá iomchar aige. Ar chuma ar bith chum sé a áit comhnaidhthe d’athrú agus cill beag a thógáil dó féin níos giorra do’n tobair.
B’in iad na smaointe a bhí ina ceann ag teacht abhaile dó ó’n tobar lá nuair a chuala sé goth bog íseal ag comhareamh “ceann, dá ceann, trí(continues on next page)- Collector
- Fionnuala Ní Chatáin
- Gender
- Female
- Address
- Cnocán Eibhir, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Risteárd Ó Chatáin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Cnocán Eibhir, Co. na Gaillimhe