Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
- Suíomh:
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Ba mhinic bhris béal duine a shrón.”
Ba mhinic bhris béal duine a shrón
Snáithe fada an tailiúra
Gáire maith agus codladh fada an dó leigeas is fearr i leabhar an dochtúra
Tosach ceatha ceo, deireadh catha gleó.
Bíonn adharca fada ar bhuaibh thar lear.
Tosach sláinte codladh
Is foisge do mhnaoi leith sgéal ná práisgín
Ceann mór na céille bige.
Is deacair ceann críonna a chur ar ghuailnibh óga
Ritheann uisgí doimhne go ciúin
An rud is giorra don chroidhe sé is giorra do’n bhéal
Nuair is mó an spóirt is cóir stad de.
Sí an dias is truime is ísle chromas a ceann.
An té is mó cainnt sé is lugha obair.
An cogadh ba mhó riamh tháinig duine slán as.
Is beag an ghaoth nach lubfadh tráithnín
Is fearr lúbadh na briseadh
Bíonn cloch reatha gan caonach
Is fearr rith ná droch-sheasamh
Ag díol meala agus ag ceannach milseán.
Ná bí luath chun labhartha ná leasg chun éisteachta.
Dúnadh an dorais thar éis na foghla
Is olc an rud gan aon sgéal bheith ar bharr theangadh
Ní rún é agus fios ag triúr air.
Is minic bhaineas duine slat a bhuaileas é féin
An fear nach n-iomcharann a chóta lá tirim ní bhíonn sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Conraoi
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe