Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean-bhean i GClocan fadó agus shíl a cuid óir a shluigheadh sul dá bhfághadh sí bas, mar d'airigh sí go raibh an bás i ngar di. Bhí leabaidh cóirighthe le h-ais na teineadh di 'san gcisteanaigh. Aon lá amháin, nach raibh 'sa teach acht an tsean-bhean agus malrach mná nár chuir sí mórán suime innti, rug sí ar sgilléad a bhí ar an teinteán agus chuir sí rud eicínt isteach ann agus chuir sí ar an teinidh é.
Bhí an malrach a' breathnú uirthi i nganfhios di agus faoi cheann tamaill, nuair thuit sí ina codladh, mar go dtagadh trom-chodladh go hobann uirthi go minic, d'fhéach an páiste isteach 'sa sgilléad agus céard a d'fheicfeadh sí ar a thóin ach carnán ginidheaca buidhe óir. Cheap sí ar an bpoinnte boire go raibh an chailleach ag iarraidh an t-ór ar an sgilléad agus chuir sí meall ime i n'ionaid, rud a thugas le tuigsint na h raibh sí chomh simplí agus do shíl an cailleach í bheith.
Seal ina dhiaidh sin dhúisigh an chailleach, d'fhéach sí anns an sgilléad agus nuair do chonnaic sí an cubhar buidhe do bhí ar an im(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirín Ní Thuathail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán, Co. na Gaillimhe