Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí teach i mbéal leice tuairim is seascadh bliain ó shoin agus bhíodh taibhse le feiceáil ann. Ag uair an mheadhon oidhche bhíodh cailín ag siubhal tríd an seomra agus ní fheictí riamh í ag teacht isteach.
I ndeire na dála moladh d'fhear ceist do chuir uirthi. Rinne sé amhlaidh. D'innis an cailín a hainm don fhear agus go raibh sí in a comhnaidhe sa teach tráth agus go raibh sí i bpionós toisc gur cheannaigh sí péidhre bróg i siopa sa gClochán agus go bhfuair sí bás sul má bhí seans aici d'íoc asta.
Thug an cailín cuntas cruinn maidir le costas agus dáta. Seacht scilleacha go leith a bhí ar na bróga. Chuaigh an fear go dtí an siopa agus chuir sé ceist ar fhear an siopa. Cheap sé nach raibh na leabhra aige ach annsin chuimhnigh sé gur chuir a sean-athair na sean-leabhra i seomra suas staighre. Chuaigh sé suas agus fuair sé leabhar na bliana sin agus an costas ann. D'íoc fear an tighe an seacht scilleacha go leith agus ní fhaca sé an cailín ón t-am sin amach.
Sinéad Nic Liaim.- Bailitheoir
- Sinéad Nic Liaim
- Inscne
- Baineann