Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- XML Leathanach 429
- XML “Cailleach na Luibheanna - Bean Feasa”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)é agmar uidheacht ar a chapall, dubhairt sé gur casadh. Leis sin dubhairt sí leis dul chuig an fear eile agus a rádh leis teacht go dtí anstábla. Chuaidh an fear chuig teach an fhir eile agus d'innis sé dó teacht go bhfeicfeadh sé an capall. Dubhairt an bhean fheasa leis: "bail ó Dhia air" a rádh. Annsin dubhairt an fear i "Is breágh an capall é sin bail ó Dhia air". D'éirigh an capall ó'n urlár agus é comh laidir luath is a bhí sé riamh.
Uair eile chonnaich fear bocht sáil? adhmaid agus é ar barr uisge? ag teacht isteach leis an tuille. Chuaidh sé síos go dtí an cladac agus thairring sé an t-adhmad isteach, Ach gortuigh sé a ghluin go mór. Bhí air dul abhaile ar leath chois agus a leaba a thabhairt air. Bhí sé ina luighe le tamall fada agus ní raibh sé ag eirigh bisigh? Sa deireadh chuir sé fios ar an bean feasa. Tháinigh sí, agus ó thárla fios roimh ré a bhí aici, thosuigh sí ag innsint dó céard a bhí ar? carr? lena chois. Mhol sí dó cirighe? agus dul síos chuig an gcladach, agus a chos a nigh leis an uisge guirt?, go mór mhór an gluin tinn. Bhuail pian báchárach? ar a ghluin, & chuaidh sé righthe? go leor leis teacht abhaile. Ar chuma ar bith i gcionn cúpla lá, bhí feabhas mór air; agus taréish seachtniaine no mar sin, bhí se chomh slán is a bhí sé riamh. Bhí cumhacht leighis ins an sáile de réir na mná úd, agus creideann na daoine annseo, go raibh a fhirinne aici, fán sáile & an tuisge guirt?