Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Amadán Cuilleach
Bhí amadán i gCuilleach baile atá i bhfuighseacht dhá mhíle de'n Líneán. Bhí fear ag imtheacht ag tógáil cíosa agus bhí agus bhí sé ag imtheacht nó go dtáinig go dtí Cuilleach san áit a raibh an t-amadán in a comhnuidhe. Tháinic sé isteach i dteach an amadáin agus chroch sé a chóta ar cúl an dorais agus chroch sé a hata ar phionna a bhí san mballa. Leag sé a mhála airgid ar an mbord agus a chuid leabhar. Bhí féasóg mór fada air síos go dtí a bhásta. Thosuigh na míoltógaí luighe ar a phlait agus thosuigh an t-amadán ag rith ar na míoltógaibh. D'éist an t-amadán leis na míoltógaibh nó go raibh suas le scór aca ar a cheann. Fuair sé túairigín agus bhuail sé an duine uasal agus mharbhuigh sé é.
Thug an mháthair agus an t-athair an duine uasal agus chuireadar é. Bhí an t-amadán ag faire orra. Bhí fhios aca go n-innseóchadh an t-amadán orra agus nuair a bhfuair siad an t-amadán in a chodhladh thógadar an duine uasal agus chuireadar gabhar in a áit. Nuair a bfada le na muinntir ag baile go raibh sé ag tigheacht. Tháinic siad ar a thúairisc agus nuair a tháinig(leanann ar an chéad leathanach eile)