Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is iomdha sórt luibheanna atá ann le h-aghaidh leigheas. Tá leigheasanna ag taisteál ó dhaoine áirie. Séard is luibheanna leigheas ar ghalaraí agus rudaí eile.
Tá go leor cineál luibheanna ann luibheanna le h-aghaidh gach sórt galar. Tá luibh ann agus sé an t-ainm a tugtar air ''an bláth caorach''. Tá leigheas ann le h-aghaidh mailte agus pian droma. Tá ceann eile agus tugtar ''Iomhar na gCearc'' air. Tá leigheas aige le h-aghaidh galar na gcearc. Tá ceann eile ar a dtugtar 'Ribhe an Mamó''. Tá leigheas aige cailín a mbeadh triuch uirthi dá mbeadh a mamó beo ribe da gruaige a fhágáil agus é a casadh an muinéal do leighasaidh í ann sin.
Tá go leor cineál eile ann leigheas ar a gcruabh a bhi ag na daoine fadó. Seadh trí luibh de na faodhanna fhágáil agus iad a bruith annsin agus a t-uisge in a rabhadar bruithte í a ól chomh té agus is féidir leis an duine a ól. Leigheas Cuan Mara seadh luibh beag a fhásann sa talamh deirtear go bhfuil leigheas ann le h-aghaidh sean daoine a mbeadh casacht air.- Bailitheoir
- Máire Ní Giobúin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán, Co. na Gaillimhe