Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéalta.
Tá a lán sgéálta ag baint leis an Mhaighdean Muire agus a cumhacht san gceanntar seo. Cloisfheá agus tú ag cainnt leis na sean daoine agus iad ag tabhairt moladh le Dia agus a Mháthair : "Á tá Dia go maith, agus atá Máthair mhaith aige, a stór." "Moladh mór le Dia, agus leis and Maighdean Muire." Tá nós ag na sean daoine nuair a bhíos siad ag dul thar pictiúir no dealbh na Maigdine go cromann siad a gcinn agus go n abrann siad paidir gearr.
Seo sgéal a chualas ó sean bhean atá in a chomhnuidhe ag láimh leis An Clochán. Brighid Ruad a h ainm:
"Do bhí Máthair Dé ag siubhal roimpi le tuitim na hoidhche uair; oidhche an fluic a bhí ann. Ní he amháin go raibh sé ag báisteac go han-trom acht bhí an ghaoth ag séideadh an tseáil do bhí thart uirre féin agus ar ár slánuighhteoir. Ní raibh sé acht báidhte fliuch. Do bhí sé truagh ag duine ar bith dhóibh go deimhin. Do bhí go maith. Do bhí sí ag siubhal roimpi an créatúr, go dtáinig sí go bothán do bhí ag thaoibh an bhóthair. Do réir mar bhí sí ag teannadh leis an mbothán chuala sí torann; torann mar bhéadh duine ag bualad stáin le casúr. Ní raibh sí in a oidhche baileach, is ní raibh an doras dúnta. Do sheas sí ag an doras gur bheannaigh isteach. Tincéar do bhí ag déanamh báisíní do bhí istigh. D'iarr sí ar son Dé air a' ndéanfadh sé biorán dí do chongbhóchadh a seal thart uirre féin agus a leanbh. Do bhí an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mhaoldhomhnaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Fhatharthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tulaigh Bhoithín, Co. na Gaillimhe