Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 477](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0004%2FCBES_0004_477.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 477
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)faitchíos an domhain air, mar bhí a fhios aige go maith go raibh cáil sídheamhail ar an áit a raibh sé, o thús aimsire. Bhí an capall ag éirighe fiadháin ar fheiceál an bheanin do, agus bhí sé ag iarraidh dul boicléimnigh san aer le teann faitchíos, ach ní rachadh sé ar aghaidh da gcaitheadh an tiománuidhe an laisg air.
Annsin d'fhéac an bheanín le teacht aníos san áit a raibh an fear. Thosuigh sé a' gabhail dí leis an laisg ag iarraidh í ruaigeadh. Níorbh aon mhaith dhó é. Ar cuma ar bith chonnaich sé an rud dubh, ní raibh a fhios aige fós ar dhuine no beithidheach a bhí ann, a' teacht faoi'n a dhéint achar maith uaidh ar an mbóthar. B'e sin an uair ar sgannruigh sé in da ríríbh. Cheap sé go mba sídheóg eile a bhí ann, seo seachas ariamh. Nuair a tháinig an rud sáthach gar dhó le go bhfuighfheadh sé amharc maith air, d'aithin an fear gurbh é a mada fein a bhí chuige.
D'ionnsuig an mada an bheanín ar an bpoinnte boise, agus cé nár fhag sé tada ina chodladh ann d'éirigh leis ruaig a chur uirthe as a deireadh.
D'imtig an fear an chuid' eile dhen bhealach abhaile slán sabhailte gan rud ar bith a' baint dó. Fuair an mada bás an lá dar gcionn.
Sul da dtainig an mada chuige, nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Barbara Ní Congaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán, Co. na Gaillimhe