Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl páirc ná gort ná mágh ná cnoc na sliabh ná coill ná gleann na abhainn na oileán ins an bparóiste seo againn-ne nach bhfuil a ainm féin air. Agus ainmneacha deasa feileamnacha gach uile ceann aca. Tá cuid aca an-sean amach is amach; níos sine na an Ghaedhilg féin. Ainmneacha iad sin a chuir na daoine a bhí annseo orra sul dá dtáinig Clann Mhíleadh go dtí an tír seo cor ar bith.Ag seo cuid aca:-Clais an Aifrinn. Clais mhór ghainimh i siúd mar a mbíodh na sagart ag léigheadh an Aifrinn i n-aimsir na bpian-dligte.Gort an Uisge. Gort íseal é sin a bhfuil lag mór in a lár. Bíonn uisge ins an lag nuair a bhíos báisteach trom ann.Cnoc an Leice. Tá leac mhór ar barr an chnuic agus is uaithe a hainmnigheadh an cnoc.Magh Glas. Páirc glas mór Magh Árd". páirc árd timcheall seacht míle ón gClocán. Tá cnuic árda ar gac taobh dí, agus gleann mór fairsing íns an lárMurvey: A green sea plain about three miles from Roundstone on the coast road.(leanann ar an chéad leathanach eile)