Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 71. Ithear bágún deataighe Domhnac Casga mar chosc le galair tógálacha.
72. Ní ithteat feoil lá le Stiopháin mar cosg in aghaidh fiabhras deirg.
73. Ma's fear a tagas iseach ar lá Coille beidh rath ar an dteaghlach i rith na bliadhna.
74. Is féidir le duine mian a thabhairt nuair a chíos sé uan i dtús na bliadhna.
75. Fágann muinntir na tuaithe na doirse ar leach fhosgailt oidhche Shamhna agus fágann siad gloine uisge ar an mbord mar deirid go dtagann anmnaca na marbh isteach le na dtart do mhúchadh.
76. Má cailleann tú do láimhín gheobhaidh tú tú... , má thógann duine é duit beidh sé ag craitheadh lámh le duine éigin.
77. Nuair a bhíos maistreadh dhá dhéanamh cuirtear splannc fé'n gcuinneoig ionnus go mbeidh toradh maith ar an maistreadh.
78. Ma tagann duine isteach agus maistreadh dhá dhéanamh buaileann sé greas ionnus nach gcuirfeadh sé mí-adh ar an obair.
79. Ní theigheann iascairí amac Dia h-Aoine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirín Ní Thuathail
- Inscne
- Baineann