Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)
- Suíomh:
- Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Hannraoi Ó Coinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí go leor ceirdeanna ag na daoine fadó acht níl síad mar na ceirdeanna ata acú anois. Bhíod na mná ag sniomh agus ag cardál nuair a bheith an snáithe sníomhta acú deilbaidís é agus nuair a bheith sé deilbhta acú comhaireamhaidís é agus chaithfead fiche is cúig snaithe dubhailte a beith thart ar an gcrann. Dearfhaidís gur céad a beith ann agus mar a mbéadh sé acú ní bheith leithead san mbreidín. Thiubarfhadh siad é sin chuig an bfígheador go bfiadad sé doibh é. Taghfhadh corr duine uasal ag bádóreacht ar na locanna agus geobfad na daoine págh chuile seachtmhain ó na daoine uaisle. Bé an sórt ceap a bhíod acú ceap admuid agus an sort cos a bhí as bos iarrainn. Na daoine a bhíod in aice na fairrge théigheadh siad amach ag iascareacht agus na scadán a gheobhfadh síad iad ar na margaid lé na daoine a bhí i bfad ón bfairrge. Bhíod cuid eile acú ag deanamh cleibh chaitfhead síad na slataí a chur ins an Earrach agus bhainfhidís ins an bfóghmhair agus déanann síad cleibh dóibh. Ní raibh aon bróg ag na daoine fadó sé'n sort a chaithfhidís in ionad bróghaí troighthíní. Bhíod cuid den na fir ag fiadach agus ag marbú coiníní, cearcaí fraoig agus sionnaigh agus dhiolfadh síad iad ar na h-aontaí. Bhíod cuid eile ag nígheachán caorach ins na locanna agus ins
h-aibneacha agus bhíod an olann go maith agus go glan agus beith sé daor freisin. Ní(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Maighréad Seóige Thomáis
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Uillinn Thiar, Co. na Gaillimhe