Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Peadar P. Mac Conchoille
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 031](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0082%2FCBES_0082_031.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 031
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua (B)
- XML Leathanach 031
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)oidce dúbairt sé le na fir seasamh súas agus a gcuid "actions" do teasbaint. Rinne síad an actions" gan domhain. Muise da mbead mo mhach inann é sin do déaneamh tiúbhrad rud ar bith sa domain. Dá léigte in éinfeacht liomsa a deir Bárr Mach Na Féasóga Líatha go ceann lá agus blíadhain, beadh sé inann gach rud a dhéanamh. Mholl leigidh ars an t-athair dá tíubhradh ar ais dom arís é in deire lá agus blíadhain Tiubrad a deir sé. Dimtigh lofa go ceann lá agus blíadhain. Núair a bhí an lá agus blíadhain caitte tháinig síad ar ais é féin agus an daréag agus an mac. Tuairm ar a náoi a clog san óidhche. Dúbhairt an t-sean fear le na mac seasamh súas agus a chuid "actions" do teasbáint. Sheas sé súas agus do teasbáin sé iad. Well, sin an actions ars an t-athair. Dúbairt Bárr Mac na Féasóga Líaga lé na muintir féin seasamh agus a gcuid "actions" do teasbáint. Ní raibh aon meas ag an t-sean fear ar na hactions a bhí ag a mac is a bhí ag na fir eile. Má leigfhead in-einfeacht liom sa é go ceann lá agus blíadhain a deir an Sgológa bheadh sé chuile pioc chómh maith leo. Mhell leigfhead ars an t-athair má dtíubhrad arais dom é fáoi ceann lá agus blíadhain. Tiubradh a deir sé. Tug sé abhaile arís é núair a bhí an lá agus blíadhain caitte. Tháinigh é féin agus an daréig isteach chuig an t-athair.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Bhrian
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Gleann an Mhíl, Co. na Gaillimhe