Scoil: Árd Aoibhinn
- Suíomh:
- An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Dll. De Grás
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Comharthaí Na h-Aimsire
Nuair a bhíonn fearthainn ag teacht bíonn las gorm ins an teine. Nuair a thagann an spideóigín chuig an doras beidh sneachta againn. Nuair bhíonn na fáinleóga ag eitilt go h-íseal, is comhartha na fearthainne é.
Is comhartha na fearthainne é má bhíonn an ghaoth adthuaidh. Nuair a bhíonn stoirm ag teacht bailigheann na caoirigh le chéile ins an bpáirc in-a mbíonn siad.
Má thagann an deatach anuas an similéar beidh sneachta againn. Má bhíonn sé te agus tirm i mí na Lughnasa beidh sneachta againn i rith an gheimhridh.
Má bhíonn ceó mór amuigh ar maidin i mí na Lughnasa beidh fearthainn againn. Nuair bhíonn cat ag nigheadh a aghaidh agus a dhruim leis an teine beidh droch-aimsir againn.
Is comhartha na fearthaine é má bhíonn mada ag ithe féir nó má bhíonn cat ag ithe fataí. Má thagann na géadhna fiadháine adthuaidh beidh fearthainn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhómhnalláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Páirc an Locha, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Sighle Ní Dhómhnalláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Páirc an Locha, Co. na Gaillimhe