Scoil: Árd Aoibhinn
- Suíomh:
- An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Dll. De Grás
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Aoibhinn
- XML Leathanach 156
- XML “Aiste - Éadaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Déanann táibliúr culaith éadaigh agus déanann gúnadóir éadaigh le h-aghaidh cailíní nó le h-aghaidh na mban. Bíonn gléas fúaghála, siosúr snáithe agus snáithid ag an dtáilliúr. Tá táilliúr inaice na h-áite, Seán Ó Coileán an t-ainm atá air. Fear uasal dob eadh é. Tá sé in a chómhnuidhe i gCluain Lára.Ins an t-sean aimsir nuair a bhí culaith éadaigh le déanamh, ag aon duine inaice na háite, chuireadh siad fios ar an dtáilliúr chun an culaith éadaigh a dhéanamh. Do thagadh sé agus déanadh sé an culaith, agus é ag suidhe ar an dtábla. Ní raibh gléas fúaghála ag aon dtailliúr ins an t-sean aimsir.Do fighe na daoine an snáith agus dathuighthe siad é. Do chuireadh siad an snáithe tíos i bpota chun é a dhéanamh go deas. Bhí fear inaice mo thige agus Seán Ó Mí an t-ainm a bhí air. Nuair a bhí an t-snáithe dathuighthe chuir an fear sin an snáith go dtí monarclann chun dath eile a chuir tríd agus é a dhéanamh go bog. Bhí mo shean athair ag innsint sgéil dom cois na teineadh aréir. Bhí lín le sníomh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Sheóighigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Coillte Fada, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Coileán
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Coillte Fada, Co. na Gaillimhe