Scoil: Árd Aoibhinn
- Suíomh:
- An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Dll. De Grás
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Aoibhinn
- XML Leathanach 074
- XML “Ainmneacha Áiteanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá a lán ainmneacha áiteanna ins an tír seo. Seo iad cuid aca. Muilleacha leasa, Páirc-Fhada, Log an tSagairt, Ceapa-na-Grúb, Gort-an-Ghainnimh, Sean-Gháire agus a lán áit eile.Muilleacha Leasa:- Sin é áit árd agus féar glas ag fás ann agus is breagh an rud bheith ag seasamh air lá breágh nuair a bhíonn an ghrian ag taithneamh go láidir.
Log-an-tSagairt:- Sin áit in ar mharbhuigh na saighdiúirí Chromail sagart ann tuairim is trí chéad bhliadhan ó shoin anois agus tugann na daoine an t-ainm sin air fós.
Gáirdín Peggie:- Bhí sí in-a chomhnuidhe le h-ais mo thighe. Chuaidh a mhac in-arm na hAfrice agus marbhuighuigheadh é. Cúpla bliadhan in-a-dhiaidh sin fuair Peggie bás. Ní raibh ach an gáirdín sin aici. Tuairim is fiche bliadhan ó shoin anois, thuit an teach agus tá an gáirdín sin againn anois. Is deas an gáirdín é, agus fásann gach nídh go maith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Choileáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chlasach Rua, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Coileáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chlasach Rua, Co. na Gaillimhe