Scoil: Leamhchoill (uimhir rolla 10742)
- Suíomh:
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leamhchoill
- XML Leathanach 233
- XML “Scéalta Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na h-athair go bhfaca sí a leithéad sínte le taobh a theach agus claidheamh ar a thaobh a mharbhuigh céad d’aon buile. “Ó rith go beo” arsan t-athair “agus abair leis theacht isteach agus go mbéarad airgead dhó má chúidighinn sé an teach nua atáim ag déanaimh.
Chuaidh an táilliúir go dtí an teach agus suas leis ar bharr an tighe. Is gearr go dtáinic na trí fathaigh agus cuir sé an gcró fé’n teach agus shil siad é a chur anuas acht chait an táilliúir cloch bheag agus bhuail sé ceann acú i mbun na cloiche.
Thosaigh beirt acú ag troid gur mharbhuigh ceann acú an ceann eile mar shíl sé go mbé a bhuail an chloch air. Chuaidh an táilliúir abhaile agus chuaidh fear an tighe amach ar an t-sráid agus dubhairt sé leis an táilliúir nár chuala sé acht dhá fhead agus gur raibh rud éicint thuas.
Chuaidh an táilliúir go dtí an teach an chéad lá eile agus suas leis ar bharr an tighe. Tháinic an dhá fhathach go dtí an teach agus shíl siad é a chur anuas, acht chaith an táilliúir cloch beag agus bhuail sé ceann acú i mbun na cloiche.
“Stop a dhiabhail, sin é an chaoi a mharbhuigh tú mo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Fártaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tulaigh na nUan, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Maitiú Ó Fartaigh
- Seoladh
- Tulaigh na nUan, Co. na Gaillimhe