Scoil: Leamhchoill (uimhir rolla 10742)
- Suíomh:
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leamhchoill
- XML Leathanach 252
- XML “Bóithre an Cheantair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tosuigheann Bóthar Leamhchoille ag tigh Micheál Breathnach agus críochnuigheann sé ag Tigh Loideán. Níl fhios agam cáide déanta é acht dubhairt mo mháthair go raibh sé déanta sula rugadh í fhéin agus tá sé sin suas lé leath-chéad blian ó shoin. Sé Mícheál Mac Oireachtaigh, Tomás Búiréad agus Seán Ó Cadhain as Leamhchoill a rinne é agus ‘sé an páighe a fuaireadar as ná sgór púnt eatorra.
Tá an píosa ó thigh Loideán go dtigh Mícheál Mac Oireachtaigh ‘na phíosa mhaith mar connuightear cóir air. Tácasadh ann ag tigh Shéamuis Bhreathnach agus tá fánáin síos as sin go tigh Mac Oireachtaigh. Tá an pIosa ó sin suas go tigh Micheál Breathnach ‘na bhóithrín chaol cham bhriste chaithte. Níor cuireadh aon cóir mhaith ariamh air ach cúpla sglaganna a chaitheadh síos ann timcheall dhá sgór blian ó shoin.
Tábóthar eile ag rith ó thigh Shéamuis Breathnach go tigh m’athair. Siad na daoine a rinne é ná Murucha Ó Concubhair, Seán Ó Báinn agus Mícheál Mac Oireachtaigh as(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Bháinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Báinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe