Scoil: Leamhchoill (uimhir rolla 10742)
- Suíomh:
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leamhchoill
- XML Leathanach 298
- XML “Seanamhráin”
- XML “Seanamhráin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhráin (ar lean)
“Chuir mé litir sgriobhta go Corcaig agus go Tráighlí”
(ar lean ón leathanach roimhe)Budh fionnabúil an t-éan a gheobhadh buaidh orainn.
Bhí each roimh a léimneadh ann agus whipeanna dhá bpléascadh
Agus ní bheadh fhios fhéin an t-each budh luaithe.
Bhí Sir Robert ar an stage ann, chuir sé fead is blaodh as.
Siúd í an Lady Clare ag tigheacht ar dtús ann.
Nach croidheamhail is nach aerach i n’áit de mharcac a bheith na suidhe
Agus é ag tigheacht mar an gaoithe gan aon spur.
Bhí Dassey is a stail ruadh ann agus is as Alban a gluaiseadar
I gConnachta ‘seadh bhuaileamar na céadta.
Sé bun is barr mo sgéal é gur bhuaileamar distanacaoi
Agus níl fear ar bith dhá shéanadh ach béidh muid suas leob.
An Sgoláir – Máire Ní Bháinn
A Seoladh – Leamhchoill, Maghchuilinn, Co. na Gaillimhe.
An duine a thug dí iad – Pádhraig Ó Concubhair.
A Sheoladh – Leamhchoill, Mághchuilinn, Co. na Gaillimhe.Seanamhráin
“Tá fear as na bailtí ma chuala sibh trácht air”
Tá fear as na bailtí ma chuala sibh trácht air
Tá sé chómh stuamdha lé aon fhear i m’eolas.
Chuirfeadh sé “paint” suas ar drisiúraí bána
Tá céird aige is fearr léighis beithigh tinn.
Is fearr é ná Murphy ná Tomás Mórán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Bháinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padhraig Ó Concubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe