Scoil: Leamhchoill (uimhir rolla 10742)
- Suíomh:
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leamhchoill
- XML Leathanach 320
- XML “Seanamhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhrán (ar lean)
“Is ag dul ó theach na tóra dhom”
(ar lean ón leathanach roimhe)Dá bhfeicfinn acht ag dul an bóthrín é
Tógfadh sé mo chroidhe.
Séard a léigh mé sa nuaeachta a tháinic athrú aréar
A coisle cruidh sa munán a stóirín gheal mo chroidhe
Chuaidh muid ag an gcuart ar fadh go saorachaidh ár sgéal.
Níor glacadh ann acht triúr againn.
Is crochadh stór mo chroidhe.
Bhí Gearailtí is Bláchaí ann agus Kelly as Clúnaí
Is dá mbéadh triúr ar bith mar Domhnaill agam
Ní crochfaidhe stór mo chroidhe.
Is a Taimín Bán Ó Riogán sé mo bhrón thú a dul i gcré.
Tá do mháithrín agus do dhadaí ag caoineadh ós do cionn.
Bás dá bhfuighfeá ar leaba liom agus tú a bheith tinn.
Acht tú crochadh as na bhacaí do mháithrín lé do thaobh
Tháinic Taimín Bán ar cuairt agam
Séard a dubhairt sé ná bíodh buairead ort ná rud ar bith mar é.
Do cuilín fáinneach tripíleach is gur leath a cailleadh mé.
Go mheasa naoi nuaire tú ná an máithrín déil mé.
Is ní sleacht mainistir na teampall a rinneadh stór mo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Buiread
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tulaigh na nUan, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bríghidh Ní Cáirr
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tulaigh na nUan, Co. na Gaillimhe