Scoil: An Léim (uimhir rolla 11472)
- Suíomh:
- An Léim Thoir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: M. Ó Dubhda
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Léim
- XML Leathanach 065
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Uch Muc"
Tá sean teach í lár na sléibhte cúpla míle ó mo theach i n-aice an t-sean bhóthair atá ag poch ó chrois Bhóthair Mhaama go Uachtarárd. Lá amháin tháinig fear agus math-ghamhain go dtí an teach ag iarraidh loisdín. Níor mhaith le fear an tighe an math-ghamhain do chuir sa teach. Thóg sé an mhuic a bhí i dteach na muic as. Ghoid fear na muca eile a bhí ag fear an tighe an oidhche roimhe sin. Chuir sé an math-ghamhain i gcró na muc. Í lár an oidhche sin chúala siad sgreadadh.
Chaudhadar go gcró na muc agus chonnaic siad fear i lámhaibh an mhathghamhna. Dubhairt an fear abhí í lámhaibh an mhathghamhna gur ghoid sé na muca eile agus gur tháinigh sé air ais arís le na muca eile a fhághail agus nuair a bhí sé ag dul thart ar an stábla rug an mathghamhair air. Tugadh an gadaidhe o's cómhair an dlighe agus chuireadh isteach sa bpriosúin ar feadh bliadhna é.- Bailitheoir
- Roibeard Mac Donnacha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Leitir Feoir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mícheal Mac Donnacha
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Feoir, Co. na Gaillimhe