Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- Suíomh:
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainmhidhthe na FeilmeTá dhá bhó againn sa mbaile Buidheóg atá mar ainm againn ar an bhó bhuidhe. Bánaí atá mar ainm againn ar an bhó bhán. Nuair a bhíonns na daoine ag seolad na mbó bíonn siad a rádh Thart amach Thart amach. Nuair a bhíonns siad ag iontúghadh abhaile uathab tareis a seolad cuireann siad fooí [!] chuimrigh Dé is Mic Duach is mic Darac iad. Nuair a tugann abhaile iad cuireann istheach 'sa gcró iad. Agus ceangluigtear le braighdeán iad. Curtear feasar raithnighe nó fraoch nó tuighe mar leabad futabh. Dath glas. agus dath dúbh ata ar na gamhna atá againn. Cureann na dooine [!] cráinnín Bealtaine os cionn dorais an chró ins an gcaoí nach dtúibreac na sídheóga an bainne ó na beithidhigh. Nuair a bíons bó thar éis breit bíonn bainne buide aice. Nuair a bruithchear é breiseann sé. Deanann sé gruth agus meig iththear agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Éamonn Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bean Pheadair Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 42
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe