Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- Suíomh:
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- XML Leathanach 174
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-sgéal.Bhí baintreach ann fadó agus ní raibh aice ach aon mac amhain. D'fhan sé ins an gcliabhán an feadh fiche bliadain agus níor fhás sé chor ar bith. Aon lá amháin chuaidh an mháthair amach agus nuair a tháinig sí isteach, bhí sé in-a shuidhe agus é in-a fhear mór míllteach. "Tá mé cáillte leis an ocras a mhaime" a deir sé. "Teirigh amach agus tabhair isteach caora dom go n-íosfaidh mé í" Nuair a bhí an caora ithte aige chuir sé a mhathair suas ar a dhruim agus thug sé suas go dtí an ceardcha i. Dubhairt sé leis an gabha maide laimhe a dhéanamh dhó. Rinne an gabha sin dhó. Nuair a bhí sin déanta aige rug sé air agus rinne dhá leith dhe. Mar a ndéanfaidh tú maide maith láidir dhomsa adeir sé leis an gabhainn brisfidh mé an cead ceann eile ar do chloigeann. Nuair a bhí an dárna ceann déanta ag an gabha rug an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe