Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- Suíomh:
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bíonn bréagáin agus caiteam aimsir ag páistibh beaga idir cailíní agus buachaillí. Fé'n d-tuaith is maith le daoine óga beit ag imirt peile no liathróid coise agus ag iománaidheact no ag bualadh báire. Geibheann siad camhán agus buaileann siad an báire i n-aghaidh a chéile. Bíonn chluiche no liathróid laimhe acab freisin. Bhíonn topaí ádhmaid ag buachaillí. Cuireann siad na topaí ag rinnce le corda agus déanann siad bhfainne agus an topaí a theigeans isteach sa' bfainne ta cead ag na buachailli eile bior a cuir air no mant a baint as. Déanann cailíní tighthe beaga agus gleasann siad suas iad mar bheidís na gcomnuidhe ionnta. Déanann siad sgoil freisin agus cuireann siad rang clocha ampceall agus bíonn siad ag muineadh sgoile mar dheadh. Bíonn bábóg ag na cailíní agus ag na buachailli béaga. Bíonn cliabhán(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Padhraic Ó hAllmhúráin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe