Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
- Suíomh:
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuaidh Muineachar agus Manachar amach lá ag baint súgh craobh. An meid a bhaineadh Muinneachar ghoidfeadh Manachar uaidh iad agus d'itfeadh sé iad. Annsin dubhairt Muinneachar go dtiocfadh sé ag baint slat go ndeanfhadh sé gad go gcrocfadh sé Manachar a ghoid a chuid súgh craobh.Chuaidh sé chum an slat. Go mbeannauigh Dia dhuit ars an slat cá rachfas tú. Tá mé ag dul ag iarraidh slat, slat a dheanfas gad, gad a crochfas Manachar a ghoid mo chuid súgh craobh.Ní bhfuighidh tú mise ars an slat go bhfuighidh tú sgín a gearrfhas mé. Annsin chuaidh sé i chuma a sgín. Go mbeannigh Dia dhuit ars an sgín. Go mbeannuigh Dia dhuit ars an sgín. Cáid a rachfas tú. Tá mé ag dul ag iarraidh sgín, sgín a ghearras slat, slat a dhéanfas gad, gad a chrochfas Manachar aghoid mo chuid súgh craobh.Ní bhfuighidh tú mise ars an sgin gan leac ghéarfas mé. Cuaidh sé i chum an leac. Go mbeannuigh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seaghan Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe