Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)

Suíomh:
Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 285

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 285

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Cathail (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 285
  3. XML “Seanchas Stairiúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Aon uair amháin nuair a bhí bean ag dul amach ndiaidh a chuid caora tháining sí isteach chuig a h-amtín agus bhí pláta mór neanncogaí ar an mbord lé h-aghaidh an dinnéir agus cheap sí go mba béile an mhaith ar fad é mar sa droch-saghal a bhí ann. In am an ghorta freisin bhí fear ag dhul thart an bothair agus chuaidh séisteach i dteac i gCill Bla. Bhí meitheall fear aige an la céánda agus bhí pota mór léite aca chun an dinnéir. Thug siad léithe annsin dó agus fith se beile mór de ach nuair a bhí sé teacht a bothair arís fuair sé bás. D ith sé an iomarca mar bhí ocras mór air. Fuair sé bás in aice té Cnocán a Bháire. Fuair chuid de ne cmhursanna annsin é agus thugadar go dtí an roilig é ar chróchár chun é a cur. Nuair a bhí an uaigh fosgailte níor hiaith lé aon duine acab a an corp a cúr síos 'san uaigh bhíodar a comórthas agus ag argoint lé chéile agus gach a duine a rádh gur ceart do'n duine eile a an corp a cúr síos. Nuair a d'ionntuigheadar Thart airís ag an uaigh céard a bheadh acht an corp síos san uaigh agus ní raibh fios aca
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Dún, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Breathnach
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    57
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Dún, Co. na Gaillimhe