Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Muc
- XML Leathanach 312
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)é chur i bhfolach. An t-aon mhac amháin a bhí aice bhí sé imthighthe le fada an lá agus ní raibh tásg ná tuairisg air.
Nuair a cheap an tsean bhean seo an bás ag teannadh léithe rinne sí poll chómh fada síos sa talamh is a d'fhéad sí í n-aice le crann fuinnseóige agus chuir sí an t-airgead síos ann. Ba ghearr annsin go bhfuair sí bás. Nuair a bhí sí ceathair nó cúig de bhliadhanta caillte tháinig sí chuig a col-ceathar ina sgáile agus a col-ceathair ag tigheacht ó cuairtidheacht, tháinig sí roimpi ar a bealach abhaile. D'iarr an tsean-bhean uirtí trí sgilleacha a dfhan amuigh uirthí ag an siopadóir a íoc di. Dubhairt sí gur shíl sí féin nuair a bhí sí ar an saoghal seo go raibh sé íoctha aice agus dubhairt sí léithe go raibh sí réidh glan le dhul do na Flaithis marach é sin. D'innis sí do go bhfuigheadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Thnuthail
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Tnuthail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe