Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Muc
- XML Leathanach 313
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sí airgead taobh thoir dhá teach fhéin sé sin teach na sean mná i n-aice le crann fuinnseóige agus dubhairt sí léithe dá gcuireadh tada ina haghaidh pinghinn nó dhá phinginn a chaitheadh síos ina bhéal.
D'imthigh a col-ceathar abhaile agus d'íoc sí an t-airgead ar an bpoinnte leis an siopadóir agus d'innis sí an sgéal fá'n gcroca óir a bhí i bhfolach dá muinntir. Lá'r na bháireach chuaidh an t-athair agus a dhearbhráthair ag cartadh na talmhan timcheall ar an gcrann. Nuair a bhí cuid de cartuighthe céard a d'eireóchadh amach chuca ach girrfiadh agus ritheadar abhaile le na n-anama. Nuair a tháinig siad chuca fhéin chuimhnigh siad ar an bplean a d'innis an tsean-bhean dhá gcol-ceathar. D'imthigh leo aríst agus thosuigheadar ag cartadh nuair a chonnaic siad an girrfiadh shíos sa bpoll agus a bhéal oscailte mar bheadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Thnuthail
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Tnuthail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe