Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)deireadh shroich siad caisleán mór bán thíos faoi uisge. Bhuail an mhaighdean buille air agus rinne sí in a (cruit) chrot féin arís é. Nuair a shíl sé í fheiceál bhí sí in a bhean áluinn. Bhí an caisleán mar caisleán a athar in Éirinn. Tugadh an bheirt isteach sa bpárlús agus cuireadh na feara fáilte rómpa. D'innis sise cé bhí léithe.
Bhí bord óir agus cathaoireacha airgid i lár an urláir. Tháinig an lucht freastal leis an mbiadh ba húire agus leis an deoch ba shine. Nuair a bhí a sáith ithte agus olta aca chuaidh siad síos chun na páirce agus glaoidh sí ar a cuid cleasaidhte agus tháinig siad go fonnmhar. Chuir fear aca sleagh in a seasamh sa talamh agus léim sé de chothrom talaimh agus tháinig sé anuas uirthí le bonnaibh loma. Chuaidh an sleagh thuas trén a chosaí agus amach trén a chloigeann agus d'eirigh sé diuthe agus bhí sé chómh slán agus a bhí sé ariamh. Bheireadh fear ar chlaidhmhe 'na fhiacla agus chaithfead sé le fear eile é. Theigheadh an claidhmhe isteach trén a dhruim agus amach trén a ucht agus sheasfadh sé ar bhárr sa talamh agus bhíodh sé chómh maith agus bhí sé ariamh.
Nuair a bhí siad tuirseach de'n ealadhain sin chuadar isteach 'un a tighe agus d'itheadar agus d'óladar a sáith. Nuair bhí siad ag leagant na nordóg air thug an mhaighdean mac riogh go seomra an ceóil. D'orduigh sí d'á cuid piobairí tosnuigh agus thosuigh an ceól d'á sheinm go binn. Nuair a bhí siad tuirseach dubhairt an mhaighdean le mac an riogh seinm. Dubhairt mac an riogh go gcuirfeadh a chuid ceóil tinneas ortha, acht b'éigean dó a dhithcheall a dhéanamh.
Sbáin sí gach nidh ní ba aistigh' ná a chéile. Nuair a bhí siad ag caitheamh féasta mór an oidhche sin tháinig teachtaire ó mhaighdean eile go gcaithfeadh cath bheith eatorra. Dubhairt sí go dtroidhfidh sí í faoi(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighread Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cnoc na Fuaiche, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnoc na Fuaiche, Co. na Gaillimhe