Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 133
- XML “Pislín agus Straoillín”
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí fhios aca gurabh iad na sidheóga a bhí ann, sgaoil an bean na splanncai a bhí in a áprún aici anuas in a mullach agus stop an gleó agus an torann ar feadh tamaill acht thosuigh siad arís.
Dubhairt an bhean go mbearr dóibh an doras a sgaoileadh in a mullach, agus sgaoil. Nuair a d'airigh na sidheóga an torann bhaineadar as na bonnachaibh. Shíleadar gurabh amhlaidh a buaileadh dhá chláir an domhain ar a chéile agus d'fágar an tairgead, an bord agus gac rud eile annsin.
Nuair a fuair Pislín agus Stroíllín imthighthe iad, tháinigeadar anuas den chrann, thugadar an t-airgead agus gach ní eile le maith a bhí ann leo. Ní dheacadar níos fuide ar an dturas acht chuadadar abhaile agus bhíodar saidhbhir sáthach uaidh sin amach.Cáith Seóighe
Tabhnalín
Fionnmhuighthe
An Fháirche.Tá Cáit ag dul ar sgoil freisin agus í sa seachtmhadh ranng. Cuala sí an sgéal seo ón a athair Pádraig Seóige atá gar do leithchead blian 1935. - Is milis d'á ól é agus is searbh dá ioc é.
Is fusa an rud a rádh na a dhéanamh.
Is iomdha lúb maith a bhaintear as a gcáilidheacht.
Faghann na ba bás an fhad is bhíos an féar a' fás.
Níor táinig ciall roimh aois.- Bailitheoir
- Seán Ó Cúinin
- Inscne
- Fireann