Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 240](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0074%2FCBES_0074_240.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 240
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 240
- XML “An Gearrán Bán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dtáinig siad go dtí cnocán glas. Annsin, ars an gearrán, “Oscail, oscail, a chnocáin ghlais agus leig isteach an rí agus a bhean”. D’oscail an cnocán agus chuaidh an giorrán isteach. Bhí teach breagh istigh. Theasbáin an giorrán go leór seomraí dí, seomraí lán d’óir, d’airgead agus chuile short ar fheabhas. Acht bhí seomra amháin nár theasbáin sé.
Annsin adeir an cailín “níor theasbáin tú an seomra sin dom”. “Ó ná bac leis sin” ars an giorrán bán. Ní raibh sí sásta in a hintinn acht níor theasbáin sí uirthi féin é. Rinne sí aireachas air go bhfeicfeadh sí cá gcuirfeadh sé na heochrachaí. Chonnaic sí d’á gur i bhfolach é.
D’fiafruigh sé dí cia aca a b’fearr leí é bheith in a gearrán san oidhche agus in a fhear sa lá nó in a fhear san oidhche agus in a ghearrán sa lá. Dubhairt sí go mbfearr leí é bheith in a fhear san oidhche agus in a ghearrán sa lá. Bhí draoidheacht air tá fhios agat.
Annsin maidin lae ‘na bháirigh, d’eirigh an gearán bán agus d’imthigh sé amach. Fuair an cailín annsin a breicfeasta, agus nuair a bhí sí d’á ithe tháinig caitín aníos as an gclúid ar an mbord agus thosuigh sé ag ithe leí. Bhuail sí bosóg air agus ar sise “Sora dhuit a chaitín shalaigh, mara bhfuil de chómhluadar agamsa acht tusa ní bhéidh tú(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Seoighe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80